Friday, December 19, 2008

Sheachtain na Gaeilge 08

Bhronn Leas-Mhéara Chomhairle Contae Átha Cliath Theas, Guss O’Connell, duaiseanna dhá chomórtas scoile, a seoladh le linn Sheachtain na Gaeilge 2008, Dé hAoine seo caite an 12 Nollag. Comórtas scríofa a bhí ann do dhaltaí Meánscoile agus comórtas póstaeir do dhaltaí Bunscoile, an dhá cheann faoi stair meánaoiseach an chontae/na tíre. Bhuaigh Dominic Berkeley ó Scoil Ospidéal an Rí, Baile Phámar, an chéad duais do dhaltaí Meánscoile agus bhuaigh Shane Dolan, ó Scoil Shantáin, Tamhlacht, an chéad duais do dhaltaí Bunscoile. Luach €1000 de bhogearraí nó crua-earraí don scoil a bhuaigh an bheirt acu. Chuir an Tionscnamh Nascadh, de chuid Comhairle Contae Átha Cliath Theas na duaiseanna ar fáil do na scoileanna. Read More


Courtesy: Oifigeach Gaeilge Cúnta Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas

No comments: